EOLAS TÁBHACHTACH
Léigh an t-eolas sula leanann tú ar aghaidh leis an iarratas
Tá próiseas dhá chéim i gceist leis an iarratas ar mhaoiniú faoin scéim seo:
Céim 1: Measúnú ar cháilitheacht agus iarratas ar mhaoiniú chun Tuarascáil Fuaimeolaí a fháil
Céim 2: Iarratas ar mhaoiniú le haghaidh oibreacha beartaithe laghdaithe torainn (mar atá molta i dTuarascáil an Fhuaimeolaí atá curtha isteach)
Tar éis iarratas a chur isteach i gCéim 1, ná déan tuarascáil ó shainchomhairleoir fuaimeolaíochta a choimisiúnú go dtí go bhfaighidh tú formheas lena dhéanamh. Ní bheidh ach iad siúd a fuair formheas bunaithe ar Chéim 1 cáilithe chun maoiniú a fháil leis an tuarascáil seo a choimisiúnú.
Tá tuilleadh sonraí maidir le gach céim sna
treoirlínte anseo.
Tabhair do d’aire nach gceadaítear ach iarratas amháin an t-ionad a dhéanamh.
Má bhíonn ceist agat maidir le haon chuid den fhoirm iarratais seo, déan teagmháil le NMGS@tcagsm.gov.ie chun tuilleadh eolais a fháil roimh duit an t-iarratas a chur isteach.
Beidh ort litir nó deimhniú, deimhnithe ag Cuntasóir, chomh maith leis na cuntais bhainistíochta chuí chun láimhdeachas gan CBL a áireamh a dhearbhú. Scan na doiciméid seo agus bídís réidh agat sula gcuirfidh tú tús le rudaí. Ná cuir isteach d’iarratas ar Chéim 1 gan na doiciméid seo.
Iarrfar ort do Shonraí Bainc a chur ar fáil/a dheimhniú. Ní hionann é sin agus tairiscint deontais. Úsáidfear na sonraí seo le híocaíocht a dhéanamh má éiríonn an t-iarratas leat.
Is cóir a bheith ar an eolas go bhfuil seans ann go ndéanfar sonraí deontaithe a n-éireoidh leo (ainm an ghnólachta, contae agus an méid san áireamh) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne nuair agus an scéim curtha i gcrích.
Cuimhnigh nach ndéanfar dréachtaí, iarratais neamhiomlána ná iarratais mhalla a mheas. Molaimid go láidir d’iarratasóirí gan é a fhágáil go dtí an lá deireanach na hiarratais a chur isteach. Ní dhéanfar iarratais a chuirfear isteach agus an scéim druidte a mheas.
Tá an chuid is mó de na réimsí ar an bhfoirm iarratais seo éigeantach*. Measfar iarratais neamhiomlána a bheith neamh-incháilithe agus ní dhéanfar iad a mheas faoi chomhair maoiniú a fháil. Déan cinnte go ndéanfaidh tú gach réimse a líonadh i gceart agus an t-eolas cuí ar fad ann roimh duit an t-iarratas a chur isteach.
Agus an t-iarratas curtha isteach agat, gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist lena dheimhniú go bhfuarthas an t-iarratas chomh maith le huimhir an iarratais. Is gá an uimhir seo a lua ar gach comhfhreagras feasta a bhaineann leis an scéim seo.
Tá an Scéim á soláthar faoi Rialachán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cabhair De Minimis a d’fhéadfadh éileamh ar iarratasóirí coinníollacha breise a chomhlíonadh agus/nó doiciméid bhreise a chur ar fáil don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Ráiteas Príobháideachais
Tá an Roinn tiomanta i dtaobh príobháideachas a chosaint agus meas a léiriú air an bpríobháideachas sin. Tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm ag an Roinn le do chuid faisnéise a chosaint ar rochtain gan údarás.
Ní dhéanfaidh an Roinn bhur gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil ar aon chúis seachas an chúis faoinar bailíodh iad.
Féadfar sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe ina ndéantar foráil dá leithéid de réir dlí.
Ní choinneoidh an Roinn bhur gcuid sonraí pearsanta ach fad is gá iad a choinneáil ar mhaithe leis an gcúis lenar bailíodh iad agus iad a phróiseáil ina dhiaidh sin.
Nuair a rachaidh an riachtanas gnó an fhaisnéis seo a choinneáil in éag, scrúdófar í d’fhonn na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe agus is féidir agus i gcomhréir le beartas na Roinne.
Cáilitheacht
Sa scéim seo dírítear ar ionaid dhéanacha, mar chlubanna oíche, beáir dhéanacha agus ionaid dhéanacha a bhfuil gá acu le bearta maolaithe torainn chun torann a thagann ó shiamsaíocht dhéanach a bhaineann leis an áitreabh a laghdú. Tá ceol de gach seánra, damhsa agus taibhiú beo i gceist leis seo in ionaid a bhíonn oscailte go dtí go mall.
- Féadfaidh gnólachtaí iarratas a dhéanamh (trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí nó eintitis chorpraithe) más rud é go bhfuil siad ag feidhmiú ó áitreabh nach áit chónaithe atá ann agus a mbíonn lucht féachana/éisteachta nó an pobal i gcoitinne istigh ann go minic. Is gá Deimhniú Iniúchóra/Litir sínithe ag Cuntasóir a úsáid leis seo a dheimhniú. Is gá sonraí maidir leis na nithe seo a leanas a bheith sa Deimhniú Iniúchóra/Litir sínithe ag Cuntasóir;
- Deimhniú ar an Láimhdeachas ábhartha ar leith ó CBL. Ní dhéanfar ach láimhdeachas a bhaineann le siamsaíocht bheo in earnáil an gheilleagair oíche a mheas, cé go mb’fhéidir go mbeadh láimhdeachas sa ghnólacht a bhaineann le hearnálacha eile.
- Deimhniú go bhfuil an chuideachta á feidhmiú ó áitreabh ainmnithe nach áit chónaithe é agus a mbíonn lucht féachana, ranganna nó an pobal i gcoitinne ann go minic.
- Deimhniú go bhfuil an gnólacht tar éis cloí lena oibleagáidí i dtaca le clárú cánach, íocaíochtaí cánach agus tuairisceáin chánach a thíolacadh.
- Deimhniú nach raibh an t-iarratasóir mar pháirt de ghnóthas atá i gcruachás (is é sin nach bhfuil an t-iarratasóir tar éis dul isteach in imeachtaí dócmhainneachta) ar an 31 Nollaig 2022 nó roimhe sin.
- Deimhniú nach bhfuil aon mhaoiniú poiblí á fháil ag an iarratasóir chun íoc as na costais chaipitiúla lena mbaineann an t-iarratas seo faoin scéim seo.
- Deimhniú nach bhfuil an t-iarratasóir tar éis Státchabhair a fháil ar leibhéal níos airde ná teorainneacha de minimis, luach an deontais san iarratas seo san áireamh.
- Ní foláir don ghnólacht a bheith lonnaithe sa Stát.
- Caithfidh na brabúis ón trádáil nó gníomhaíochtaí trádála an ghnólachta a bheith inchánach faoi Chás I nó II de Sceideal D.
- Ní mór do ghnólachtaí Deimhniú Ríomh-Imréitigh Cánach reatha a bheith acu ó na Coimisinéirí Ioncaim tráth a ndéanfar an t-iarratas a fhormheas faoi chomhair maoinithe agus tráth a ndéanfar an maoiniú a tharraingt anuas.
- Ní foláir láimhdeachas de €35,000 nó os a chionn a bheith ag an ngnólacht gan CBL a áireamh a bhaineann le siamsaíocht sa gheilleagar oíche. Ní foláir don iarratasóir ceann amháin ar a laghad de na doiciméid luaite sna treoracha a chur isteach chun tacú leis na critéir seo.
Nóta ar thréimhsí cúntasaíochta
Maidir le gnólachtaí bunaithe a bhfuil tréimhse chuntasaíochta nó bonntréimhse dar críoch an 31 Nollaig, beidh an láimhdeachas ábhartha bunaithe ar na cuntais go dtí an dáta sin. I gcás gnólachtaí aitheanta a bhfuil tréimhse chuntasaíochta nó bonntréimhse acu nach críochnaíonn ar an 31 Nollaig 2022 (nó gnólacht a bhfuil tréimhse chuntasaíochta nó bonntréimhse aige a chríochnaíonn ar an dáta sin ach tá níos lú ná 12 mhí ar fad), is féidir láimhdeachas ábhartha an ghnólachta a mheas go ginearálta ar bhonn pro rata bunaithe ar láimhdeachas an ghnólachta in dhá shraith cuntas a leithroinnt ina gcuimsítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.
Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh?
Ní bheidh na cineálacha seo a leanas gnólachtaí incháilithe:
- Gnólachtaí nach bhfuil ag feidhmiú as áitreabh atá ar oscailt don phobal.
- Áiteanna cónaithe príobháideacha.
- Gnólachtaí nach bhfuil lonnaithe sa Stát.
- Gnó nach bhfuil ag obair go hiondúil mar chuid de gheilleagar na hoíche.
- Gnólachtaí a bhfuil láimhdeachas €35,000 nó níos lú acu gan CBL a áireamh a bhaineann le siamsaíocht sa gheilleagar oíche.
- Gnólachtaí miondíola, mar shampla siopaí ealaíon agus ceardaíochta, etc.
- Casaíní nó hallaí biongó.
- Coláistí tríú leibhéal, Boird Oideachais agus Oiliúna agus scoileanna.
- Gnólachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí eile faoi chomhair na gcostas caipitiúil lena mbaineann an t-iarratas.
- Gnólachtaí a fuair maoiniú cheana féin faoin Scéim Tacaíochta Caipitil Siamsaíochta Tráchtála 2021 agus/nó 2022 as bearta laghdaithe torainn a chur isteach.
- Gnólachtaí a fhaigheann (nó a gheobhadh) Státchabhair de minimis atá os cionn €200,000 in aon tréimhse fhioscach trí bliana.
- Deontaithe reatha scéimeanna atá á reáchtáil ag an Roinn nach bhfuil ag cloí le Comhaontuithe Seirbhíse eisithe ná leis na nósanna imeachta maidir leis an tarraingt anuas.