Cur Síos
Tríd an Scéim Féilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag, tacaítear le rannpháirtíocht daoine agus pobail sna healaíona, cultúr agus cruthaitheacht agus forbraítear an rannpháirtíocht sin. Tá sé mar aidhm leis an scéim turasóireacht chultúir inbhuanaithe a chur chun cinn ar mhaithe le leas an chuairteora intíre agus eachtrannaigh. Tacaíonn an scéim le féilte cultúir agus scoileanna samhraidh áitiúla beaga nach bhfaigheann maoiniú eile ón
- Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus
- nach bhfaigheann maoiniú ó Fáilte Ireland nó;
- ón gComhairle Ealaíon.
Is é €5,000 an méid maoinithe uasta atá ar fáil in aghaidh an iarratasóra.
Is é an tAonad um Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúir a reáchtálann an Scéim Féilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag. Is féidir leat dul i dteagmháil linn trí ríomhphost ag
f&ss@tcagsm.gov.ie. Tá an próiseas measúnaithe
- ar bhonn iomaíoch, agus
- tá cinneadh an choiste measúnaithe ina chinneadh deiridh.
Iarrfaimid deimhniú gur cuireadh an tÚdarás Áitiúil ar an eolas faoin imeacht mí amháin ar a laghad roimh ré má éiríonn le hiarratas.
Tabhair ar aird cur íocaíocht chúlghabhálach atá san íocaíocht don scéim seo. Cúitítear a gcuid costais incháilithe le hiarratasóirí a n-éiríonn leo i ndiaidh an imeachta. Ciallaíonn sé sin nach mór go mbeadh an tionscadal curtha i gcrích faoin spriocdháta an 27 Meán Fómhair 2024. Déantar an íocaíocht i ndiaidh sonraisc íoctha a fháil in éineacht le cruthúnas ar íocaíocht i riocht ráitis bainc. Ní féidir leis an Roinn íocaíochtaí in airgead tirim a chúiteamh.
Treoir maidir le hIarratais:
Ba chóir go gcomhlíonfadh iarratais an méid seo a leanas
- Aidhm, cuspóir agus toradh deiridh an tionscadal a leagan amach, agus míniú a thabhairt faoi mar a spreagfar gníomhaíocht chultúrtha agus faoi mar a thabharfar páirt do dhaoine sna healaíona, i gcultúr agus i gcruthaitheacht;
- A léiriú go bhfuil an tionscadal réalaíoch maidir le scála, costas, agus an méid maoinithe atá á iarraidh, agus amlíne;
- A léiriú go bhfuil an tionscadal indéanta trí fhianaise tacaíochta a chur ar fáil;
- Buiséad mionsonraithe a chur ar fáil maidir leis an tionscadal iomlán;
- Mionsonraí a chur ar fáil maidir le maoiniú atá i bhfeidhm cheana féin;
- Mionsonraí í a chur ar fáil maidir le maoiniú ó aon chomhlacht poiblí eile má tá a leithéid sin i bhfeidhm;
- Na ceaduithe rialála/oifigiúla ar fad atá riachtanach bheith ag gabháil leis;
- Cruthúnas a chur ar fáil maidir le uimhir thagartha cánach bailí don eagraíocht neamhbhrabúis (ní ghlacfar le huimhreacha thagartha cánach faoi ainm duine aonair);
- Cóipeanna d’árachas imeachtaí a chur ar fáil;
- Fianaise a chur ar fáil gur cláraíodh an eagraíocht leis an gCód Iompair Sábháilte le Cruthú https://www.safetocreate.ie/
- Mionsonraí a chur ar fáil maidir le tionscnaimh i ndáil le Gníomhú ar son na hAeráide; an Ghaeilge; nó Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú.
- Deimhniú a thabhairt go bhfuil na sonraí ar fad a cuireadh ar fáil san fhoirm ina sonraí atá fíor agus cruinn;
Nithe nach gcuirfear maoiniú ar fáil ina leith
Léirítear sa liosta thíos na nithe nach gcuirfear maoiniú ar fáil ina leith. Léigh an liosta seo go cúramach. Ní liosta cuimsitheach é seo agus forchoimeádann an coiste measúnaithe an ceart aon iarratas a dhiúltú.
1. Tionscadail chaipitil (e.g. trealamh, uirlisí ceoil, plaiceanna, dealbha)
2. Laethanta spóirt agus imeachtaí spóirt
3. Imeachtaí Laethanta Spraoi do Theaghlaigh (Preabchaisleáin, Fir Ghrinn agus Péinteáil Aghaidheanna)
4. Campaí aclaíochta
5. Féilte Bia
6. Imeachtaí tráchtála / Fiontar chun brabús a bhaint amach
7. Imeachtaí na mBailte Slachtmhara
8. Fáiltithe, lena n-áirítear lónadóireacht agus alcól
9. Lóistín, cothú agus béilí
10. Íocaíochtaí in airgead tirim
11. Míleáiste / costais taistil
12. Duaiseanna agus Dearbháin
13. Bronntanais
14. Sonraisc in ainm an iarratasóra/na heagraíochta nó cuideachtaí faoi úinéireacht an iarratasóra
15. Costais rialta oibriúcháin, tuarastail, forchostais agus táillí cuntasaíochta san áireamh
Scéim Marcála
Maidir le próiseas measúnaithe an iarratais, is próiseas é atá
- ar bhonn iomaíoch, agus
- tá cinneadh an choiste measúnaithe ina chinneadh deiridh.
Marcálfar na hiarratais bunaithe ar an méid seo a leanas:
Ba chóir go gcomhlíonfadh an tionscadal cuspóirí na scéime atá leagtha amach thíos: (tá tuilleadh eolais ar fáil
anseo)
- An dtugann an tionscadal tacaíocht do dhaoine aonair agus pobail páirt a ghlacadh sna healaíona, i gcúrsaí cultúir agus i gcruthaitheacht agus an bhforbraíonn an tionscadal an méid sin?
- An spreagann an tionscadal turasóireacht chultúir ar mhaithe le leas an chuairteora intíre agus eachtrannaigh?
- An áirítear tionscnaimh leis an tionscadal a bhaineann le Gníomhú ar son na hAeráide; an Ghaeilge; nó Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú?
- An bhfuil an tionscadal réalaíoch maidir le scála, costais, an cúnamh atá á iarraidh, agus an creat ama i gcomhair seachadta?
- Ar léiríodh acmhainn san iarratas maidir leis an tionscadal a sheachadadh?
- An bhfuil an leibhéal féinmhaoinithe nó an leibhéal ranníocaíochta tacaithe (neamhstáit) don tionscadal, in éineacht leis an méid deontais atá á iarraidh, leordhóthanach chun na costais iomlána a chlúdach?
Pointe teagmhála
Má tá aon cheisteanna agat nó má tá cúnamh teicniúil ag teastáil uait, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag F&SS@tcagsm.gov.ie.
Próiseas Achomhairc
Na hiarratasóirí ar féidir leo achomharc a dhéanamh:
D’fhéadfadh iarratasóir achomharc a dhéanamh má mheasann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas. Ní mór go mbeadh ríomhphost cinnidh faighte ag an iarratasóir ón Aonad um Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúir d’fhonn beith in ann achomharc a dhéanamh.
Conas is féidir leat achomharc a dhéanamh:
Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an ríomhphoist chinnidh. Ní mór duit na forais atá le d’achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost ar chóir é a sheoladh chuig Oifigeach Achomhairc an Aonaid um Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúir ag
F&SS@tcagsm.gov.ie agus “Achomharc” a lua in éineacht le d’uimhir iarratais ar líne ábhair an ríomhphoist.
Is é 1pm an 26 Aibreán 2024 an dáta deiridh chun iarratais ar mhaoiniú a fháil faoin Scéim.
Ní mór aon mhaoiniú a leithdháiltear a tharraingt anuas i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha na scéime agus tráth nach déanaí ná an 27 Meán Fómhair 2024. Ní ghlacfar le hiarratais ar íocaíocht i ndiaidh an dáta deiridh agus cuirfear deireadh le maoiniú do thionscadail nach bhfuil a gcuid iarratais iomlána ar tharraingt anuas curtha isteach acu roimh an spriocdháta.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, is féidir sonraí atá in iarratais agus i gcáipéisí tacaíochta a chur ar fáil do thríú páirtithe má iarrtar sin. Má tá eolas san iarratas atá íogair, tabhair sin le fios agus mínigh cén fáth nár cheart an t-eolas sin a nochtadh. Má fhaightear iarratas chun eolas íogair a nochtadh faoin reachtaíocht, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh ar cheart an t-eolas a nochtadh nó nár cheart. Ach, sa chás nach bhfuil aon eolas ar leith sainaitheanta mar eolas atá íogair, ní gá dul i gcomhairle leat sula ndéanfar é a nochtadh.
Ráiteas Príobháideachais
Tá an Roinn tiomanta do phríobháideachas a chosaint agus meas againn air agus cuireann sí bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun do chuid faisnéise a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. Ní phróiseálfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta chun aon críche seachas chun na críche dár bailíodh iad. D'fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt le Ranna Rialtais eile, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne nó comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe ina bhforáiltear dó seo faoin dlí. Ní choinneoidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta ach ar feadh an achair ama is gá chun na críocha dár bailíodh iad agus iad a phróiseáil ina dhiaidh sin. Nuair atá an riachtanas gnó atá ann an t-eolas seo a choinneáil imithe in éag, déanfar na sonraí pearsanta a scrúdú d'fhonn iad a scriosadh chomh luath agus is féidir agus de réir pholasaí na Roinne. Is féidir tuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí a fháil ar ár láithreán gréasáin:
https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/
Tabhair faoi deara go bhfoilseofar fógra oifigiúil le leithdháiltí ceadaithe ar láithreán gréasáin na Roinne.
Tabhair faoi deara freisin go bhféadfaí an doiciméad seo a nuashonrú ó am go ham.