Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2024
1. Cuspóir/ Bunús
Ba chóir go gcomhlíonfadh maoiniú a chuirtear ar fáil faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann riachtanas cultúir ar leith agus ní mór go dtacódh an maoiniú leis an Roinn i ndáil le tallann ealaíne agus cruthaitheachta a chothú agus a fhorbairt agus i ndáil le rochtain ar na healaíona, na hinstitiúidí náisiúnta cultúir, bonneagar réigiúnach ealaíon agus turasóireacht chultúir ar fud na tíre a fheabhsú, i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus áitiúla agus comhpháirtithe. Ní mór go léireodh tionscadail a fhaigheann maoiniú faoin scéim comhoibriú Thuaidh/Theas agus ní mór dóibh ealaíona, cultúr, ceol, scannánaíocht nó oidhreacht Oileán na hÉireann ar fad a cheiliúradh.
Ní mór go mbeadh tionscadail cruthaitheach agus nuálach, agus áirítear le samplaí de thionscadail a d’fhéadfaí a bhreithniú i gcomhair maoinithe faoin scéim, tionscadail a chomhlíonann an méid seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:
- Comhoibriú agus comhthionscnaimh idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas a chur chun cinn;
- Turasóireacht chultúir inbhuanaithe ar bhonn Thuaidh /Theas a chur chun cinn;
- Cláir for-rochtana cultúir a chur ar fáil ar bhonn Thuaidh/Theas a chur chun cinn.
Tabhair ar aird: ní ghabhfaidh ranníocaíocht na Roinne os cionn €15,000 i dtaca le hiarratas ar bith. Ní mór go mbeadh na tionscadail curtha i gcrích go hiomlán roimh an dáta deiridh 27 Meán Fómhair 2024 chun tarraingt anuas a dhéanamh. Tá tarraingt anuas an mhaoinithe bunaithe ar shonraisc íoctha agus cruthúnas ar íocaíocht a fháil i riocht ráitis bainc. Ní féidir íocaíochtaí in airgead tirim a chúiteamh.
2. An méid nach gcuirfear maoiniú ar fáil ina leith
Leagtar amach sa liosta thíos na nithe atá lasmuigh de raon na scéime agus nach bhfuil incháilithe ar mhaoiniú. Ní liosta uilechuimsitheach é seo agus forchoimeádann an coiste measúnaithe an ceart aon iarratas a dhiúltú.
- Gnáthchostais oibriúcháin, lena n-áirítear tuarastail agus táillí cuntasaíochta
- Imeachtaí tráchtála / Fiontar chun brabús a dhéanamh
- Fáiltithe, alcól
- Íocaíochtaí in airgead tirim
- Lóistín, cothú agus béilí
- Míleáiste/ costais taistil
- Duaiseanna agus Dearbháin
- Tionscadail chaipitil (mar shampla, trealamh, uirlisí ceoil, plaiceanna, dealbha, agus araile)
- Bronntanais
- Sonraisc in ainm an iarratasóra/na heagraíochta nó cuideachtaí faoi úinéireacht an iarratasóra
3. Iarratais
Ní mór d’iarratais:
- An cuspóir, an sprioc agus an toradh deiridh atáthar ag obair ina threo maidir leis an tionscadal beartaithe a leagan amach go soiléir;
- A mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na Scéime a léiriú, le tagairt faoi leith don ghné Thuaidh/Theas;
- Costais agus ioncam uile an tionscadail a chur ar fáil i gcomhad excel;
- A dheimhniú nach mbíonn na comhlachtaí, na heagraíochtaí ná na forais ag feidhmiú ar mhaithe le brabús a dhéanamh;
- Achoimre a thabhairt ar shonraí maidir le maoiniú ó aon chomhlacht poiblí eile;
- A dheimhniú gur féidir an tionscadal a bhaint amach maidir leis an scála, leis an acmhainn chun é a sheachadadh, leis na costais, leis an gcúnamh atá á lorg, agus leis an amlíne chun é a sheachadadh;
- Achoimre a thabhairt ar leibhéal na n-acmhainní pearsanta atá á gcur ar fáil don tionscadal;
- Dearbhú a thabhairt go bhfuil na léirithe ar fad atá déanta ar mhaithe leis an iarratas ar mhaoiniú a bhaint amach cruinn agus fíor;
- Na ceadúnais rialacháin riachtanacha ar fad a bheith i bhfeidhm; agus
- A bheith comhlíontach maidir le cúrsaí cánach - tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir iarratais a mheasúnú gan uimhir thagartha cánach a chur ar fáil i dtaca leis an eagraíocht;
- Gan hipearnaisc chuig ábhar breise a úsáid mar nach n-áireofar sa mheasúnú an méid sin.
Cuir mionsonraí san áireamh maidir le tionscnaimh a bhaineann le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú; an Ghaeilge; nó Gníomhú ar son na hAeráide.
Déantar measúnú ar iarratais ar bhonn iomaíoch agus ní bheidh aon dul thar chinneadh an choiste measúnachta.
4. Measúnú
Áireofar an méid seo a leanas leis na critéir a úsáidfear le linn measúnú a dhéanamh, ach gan bheith teoranta dóibh:
- A mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime;
- Cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal réalaíoch maidir le scála, costais, an cúnamh atá á lorg agus an creat ama chun é a sheachadadh;
- Acmhainn an iarratasóra chun an tionscadal a sheachadadh agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ann i ndáil le seachadadh ardchaighdeáin, in am agus laistigh de bhuiséad; agus
- Leibhéal na ranníocaíochta pearsanta i leith an tionscadail.
5. Iarratasóirí a n-éiríonn leo
Gheobhaidh na hiarratasóirí ar fad a n-éiríonn leo faoin scéim litir thairisceana agus Comhaontú Seirbhíse ina leagfar amach go soiléir na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an maoiniú. Áireofar leo sin, ach gan bheith teoranta dóibh, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta seo a leanas (nuair is infheidhme):
- Beidh ar iarratasóirí tuairisc a chur ar fáil ar an tionscadal, le gur féidir cur i bhfeidhm agus tabhairt chun críche an tionscadail a dheimhniú;
- Ní mór teacht a bheith ag oifigigh de chuid na Roinne ar an tionscadal de réir mar is cuí le go mbeifear in ann cigireacht a dhéanamh air;
- Ní mór aitheantas a thabhairt d’ionchur na Roinne ar an tionscadal ar gach ábhar poiblíochta agus i ngach foilseachán;
- Má bhíonn aon eolas faoin tionscadal ag teastáil ón Roinn ó am go chéile, caithfear an t-eolas sin a chur ar fáil go pras;
- Ní mór bunsonraisc i dtaca le haon chaiteachas a chur ar fáil mar aon le cruthúnas ar íocaíocht i riocht ráitis bainc;
- Ní mór na taifid ar fad ar chaiteachas agus ar na sonraisc agus na páipéir ghaolmhara a ghabhann leo a choinneáil lena n-iniúchadh de réir mar a d’éileodh oifigigh nó iniúchóirí ábhartha;
- I gcás caiteachas aonair ar bith os cionn €5,000, ba chóir cloí le nósanna imeachta maidir le soláthar agus ba chóir fianaise ar thrí mheastachán a lorgaíodh maidir leis an gcaiteachas a chur ar fáil don Roinn.
Mura gcomhlíontar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an maoiniú, féadfar maoiniú a tharraingt siar agus/nó cosc a chur ar iarratas a chur isteach ar scéimeanna eile ar feadh tréimhse socraithe. Coimeádann an Roinn an ceart chun aon leithdháileadh a tharraingt siar i gcás nach ndéanfar dul chun cinn oiriúnach chun an tionscadal a chur chun cinn agus/nó i gcás nach gcomhlíonfar téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe.
Féadfar suim an mhaoinithe sa litir thairisceana a bheith níos ísle ná an tsuim arna lorg ag an iarratasóir. Caithfear glacadh go foirmiúil le gach litir thairisceana, agus Comhaontú Seirbhíse a shíniú agus a sheoladh ar ais.
Tabhair ar aird go bhfoilseofar fógra oifigiúil ar láithreán gréasáin na Roinne ar a dtabharfar sonraí na leithdháiltí a cheadófar.
6. Monatóireacht agus socruithe ina dhiaidh sin
Déanfar monatóireacht ar gach tionscadal a n-éireoidh leis ar bhonn leanúnach i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha na scéime. Caithfear dóthain eolais a chur ar fáil leis an Roinn a shásamh go mbeidh an tionscadal ag dul ar aghaidh, go gcuirfear i gcrích in am é agus go gcloífear leis na costais a shocrófar.
Sula ndéanfar an íocaíocht deiridh, ní mór an Roinn a shásamh go bhfuil tuairisc ar an tionscadal faighte agus go bhfuil dóthain eolais ann lena dheimhniú go bhfuil an tionscadal curtha i gcrích mar a socraíodh.
7. Pointe Teagmhála
8. Próiseas Achomhairc
Cé atá in ann achomharc a dhéanamh:
Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh má bhreithníonn an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a iarratas. Ní mór ríomhphost an chinnidh a bheith faighte ag an iarratasóir ó Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir le hachomharc a dhéanamh.
An tslí chun achomharc a dhéanamh:
Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta a luaitear sa ríomhphost ina dtugtar an cinneadh. Is gá na cúiseanna a bhaineann leis an achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost agus é sin a chur chuig Oifigeach Achomhairc Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir ag
Co-opNI@tcagsm.gov.ie agus “Achomharc” a lua mar aon le huimhir an iarratais i líne an ábhair sa ríomhphost.
10. Spriocdhátaí agus sprioc-amanna
Ba chóir iarratais ar mhaoiniú faoin scéim a chur isteach mar atá sonraithe thuas faoi 1pm an 26ú Aibreán 2024.
Ní mór aon chistí a leithdháilfear faoin Scéim a tharraingt anuas i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa Chomhaontú Seirbhíse agus tráth nach déanaí ná 27 Meán Fómhair 2024. Ní ghlacfar le hiarratais ar íocaíocht i ndiaidh an dáta deiridh agus tarraingeofar maoiniú siar i gcás tionscadail nach mbeidh an tarraingt anuas iomlán curtha i gcrích ina leith faoin dáta sin.
Tabhair faoi deara freisin go bhféadfaí an doiciméad seo a nuashonrú ó am go ham.
11. An tAcht um Shaoráil Faisnéise
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, féadfar sonraí a luaitear in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a scaoileadh le tríú páirtithe, ar iarratas. Má tá faisnéis i d'iarratas atá íogair, sainaithin í agus tabhair míniú ar an gcúis nár chóir í a nochtadh. Sa chás ina bhfaightear iarratas chun faisnéis íogair faoin reachtaíocht a scaoileadh, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh maidir leis an bhfaisnéis sin a scaoileadh nó gan í a scaoileadh. Mar sin féin, mura gcuirtear in iúl go bhfuil faisnéis íogair ann, féadfar í a nochtadh gan dul i gcomhairle leat.
12. Ráiteas Príobháideachais
Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus do mheas a léiriú air agus cuireann sí bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun do chuid faisnéise a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. Ní dhéanfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha ar bith seachas an cuspóir ar bailíodh iad ina leith. Is féidir sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla eile, le gníomhaireachtaí eile faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe ina bhforáiltear dó sin faoin dlí.
Ní choinneoidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch ar chucu a bailíodh agus a próiseáladh iad ina dhiaidh sin. Nuair atá an riachtanas gnó atá ann an t-eolas seo a choinneáil imithe in éag, déanfar na sonraí pearsanta a scrúdú d'fhonn iad a scriosadh chomh luath agus is féidir agus de réir pholasaí na Roinne. Is féidir tuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí a fháil ar ár láithreán gréasáin:
https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/ .